Is comhaontas neamhfhoirmiúil de dhaoine aonair agus eagraíochtaí iad Litearthacht sna Meáin, Éire (LMÉ), a oibríonn le chéile ar bhonn deonach (den chuid is mó) chun litearthacht sna meáin a chur chun cinn in Éirinn .Tá LMÉ éascaithe ag Coimisiún na Meán agus tá breis agus 250 ball in LMÉ ó raon leathan earnálacha.
Is í ár bhfís ná go mbeadh na scileanna agus an mhuinín ag gach duine in Éirinn chun teacht ar ábhar agus seirbhísí ar gach ardán agus go mbeidís in ann iad sin a mheas go criticiúil. Go mbeadh tuiscint agus cumas acu ceisteanna a chur mar a oibríonn na meáin agus an teicneolaíocht dhigiteach, go mbeidís in ann rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú, agus go mbeidís in ann páirt a ghlacadh sa phobal ar bhealach freagrach, eiticiúil agus éifeachtach.
Chun aistriú go leagan Béarla an tsuímh seo, brúigh an cnaipe ‘EN’ thuas. Tá Gluais Gaeilge de théarmaí litearthachta sna meáin forbartha againn le haistriúcháin ar fhocail agus ar théarmaí agus samplaí d’úsáid na dtéarmaí i bhfoirm abairtí.
Foghlaim níos mó fúinnNí thugann LMÉ sainmhíniú ar litearthacht sna meáin go cúng. Féachaimid ar Bheartas
Coimisiún na Meán um Litearthacht sna Meáin um Litearthacht sna Meáin chun litearthacht sna meáin a
mhíniú i leith daoine aonair agus na sochaí. Leagtar amach i mBeartas Coimisiún na Meán um Litearthacht sna Meáin na trí chroí-inniúlacht seo a leanas agus na scileanna
gaolmhara litearthachta sna meáin.
Bí i do bhall de MLI agus déan teagmháil le daoine gairmiúla eile atá tiomanta do litearthacht sna meáin a chur chun cinn ar fud na hÉireann.
Cláraigh linnBí linn trí chlárú dár nuachtlitir inniu.
Féach ar ár bpolasaí príobháideachais leis an gcaoi a n-úsáidfimid do chuid faisnéise agus conas a choimeádfaimid do chuid faisnéise sábháilte.