Maidir leis na Gradaim
Is é atá d’aidhm le clár na nGradam LMÉ, a eagraítear le tacaíocht ó Choimisiún na Meán, aitheantas a thabhairt don obair atá ar siúl chun cuidiú le saoránaigh, go háirithe i measc an phobail, scileanna litearthachta maidir leis na meáin chumarsáide a fhorbairt a chuirfidh ar a gcumas an leas is fearr a bhaint as na meáin chumarsáide.
Táthar ag tnúth leis an nuálaíocht, an comhar agus measúnacht a chur chun cinn sa tionscadail, trí chur leis an aird ar réimse leathan na dtionscnamh ar mhaithe le litearthacht sna meáin chumarsáide atá á gcur i gcrích ar fud na hÉireann.
Cuirtear fáilte roimh iarratais as gach áit ar fud oileán na hÉireann – maidir le tionscadail, acmhainní, oiliúint, taighde nó feachtais. Is mian linn eagraíochtaí móra agus eagraíochtaí beaga a spreagadh le hiarratas a chur isteach – scoileanna, leabharlanna nó grúpaí pobail, ardáin ar líne, craoltóirí, lucht tráchtaireachta agus lucht tionchaireachta… agus gach cineál eile eagrais.
Catagóirí
- An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine óga – tionscnamh ar bith (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) a chuidigh lena chur ar chumas leanaí agus daoine óga faoi 18 bliana d’aois atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann, scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
- An Tionscnamh Litearthachta Meán is Fearr a dhíríonn ar dhaoine scothaosta – tionscnamh ar bith (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) a chuidigh lena chur ar chumas daoine scothaosta 65 bliana d’aois nó níos sine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann, scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
- An Tionscnamh Litearthachta Meán Pobalbhunaithe is Fearr – tionscnamh ar bith (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) a chuidigh lena chur ar chumas daoine a bhaineann le dream faoi leith den phobal (ó thaobh cúrsaí tíreolaíochta nó saintréithe eile) atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann, scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad.
- An Tionscnamh Litearthachta Meán Ginearálta is Fearr – tionscnamh ar bith (lena n-áirítear tionscadal, acmhainn, oiliúint, taighde nó feachtas) a chuidigh (go díreach nó go hindíreach) lena chur ar chumas daoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann scileanna, eolas agus/nó inniúlacht a ghnóthú a ligeann dóibh rogha stuama a dhéanamh maidir leis an ábhar agus na seirbhísí meán cumarsáide a thapaíonn siad, a chruthaíonn siad agus a roinneann siad. Níl srian leis an modh inar féidir tionscadal nó tionscnamh a chur i bhfeidhm, Oiliúint, Taighde, Clár Caidrimh, Tionscadal, Acmhainní, Abhcóidíocht, Craobhchóras Caidrimh a Chruthú, Cistíocht nó eile.
- An Tionscnamh Litearthachta Meán Chumarsáide is Fearr faoi Stiúir na Meán – eagraíocht meán cumarsáide, saothraí gairmiúil sna meáin chumarsáide nó comhpháirtíocht meán cumarsáide a shaothraigh go seasta leanúnach ag treisiú le hobair LMÉ agus/nó ag cur teachtaireachtaí faoi litearthacht maidir leis na meáin chumarsáide chun cinn ar a gcuid cainéal, ar bhealach atá neartaitheach spéisiúil ag daoine a bhfuil cónaí orthu ar oileán na hÉireann.
- Gradam na Moltóirí – Is de rogha na moltóirí amháin an gradam speisialta seo a bhronnadh. Ní féidir iarratas ná ainmniúchán a chur isteach ina leith. Ní bhronntar é ach amháin sa chás go n-aontaíonn na Moltóirí go bhfuil aitheantas tuillte ag tionscadal faoi leith nó ag duine faoi leith mar gheall ar chion mór tairbhe a dhéanamh i ndáil le litearthacht maidir leis na meáin chumarsáide a chur chun cinn in Éirinn.
Dátaí :
- An dáta tosaigh maidir le hiarratais: 31 Iúil 2024
- An dáta deiridh maidir le hiarratais: 20 Meán Fómhair 2024
- Fógraítear an gearrliosta i dtús mhí na Samhna 2024
- Eagraítear Searmanas na nGradam i ndeireadh mhí na Samhna 2024