Skip to main content

Student View: Tá tionchar ag na meáin orainn, ó Hollywood go dtí na meáin shóisialta

By Ashrah Kahn

Is iníon léinn BA sna Comhchéim Onóracha í Ashrah Khan sa chéad bhliain in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit ina ndearna sí staidéar ar litearthacht sna meáin i Scoil Na gCumarsáide.

Tá litearthacht sna meáin tábhachtach toisc go gcabhraíonn sí linn an mhéid ollmhór faisnéise a thagaimid ar gach lá a threorú. T ugann sí na scileanna agus an t-eolas dúinn chun teachtaireachtaí ó na meáin a anailísiú agus a mheas go criticiúil, ionas gur féidir linn cinntí eolasacha a dhéanamh agus nach gcuirfear amú muid. Cumasaíonn sí muid le bheith inár n- úsáideoirí gníomhacha agus freagracha nuair a bhaineann muid úsaid as na meáin. Sampla simplí a bheadh ann ná duine aonair ag aimsiú alt nuachta ar na meáin shóisialta atá ag maíomh gur féidir ailse a leigheas as glasra áirithe a úsáid. Dhéanfadh duine atá liteartha ar na meáin measúnú ar an bhfaisnéis go criticiúil agus d’fhéadfadh siad an t-alt a sheiceáil trí fhoinsí iontaofa a lorg nó chun dul i gcomhairle le gairmithe leighis.

Déanann an t-ábhar ar éifeachtaí meáin iniúchadh ar chonas gur féidir leis na meáin tionchar a imirt ar ár smaointe, meonta, agus iompraíochtaí. Tá sé an-suimúil le feiceáil, an chaoi gur féidir leis na cineálacha éagsúla meáin cosúil le scánnáin, cláir teilifíse nó na meáin shóisialta tionchar a imirt ar ár dtuairimí, agus conas gur féidir leis seo dul i bhfeidhm ar an tsochaí. Ina theannta sin, chun staidéar a dhéanamh ar éifeachtaí meáin, ar an gcumhacht agus an fhreagacht atá ag cruthaitheoirí meáin, cabhraíonn sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar chonas a bhíonn tionchar acu ar ár shaol.

Mar aon le sin, tá an tábhacht a bhaineann le héifeacht na meán suite sa chaoi gur féidir na caidrimh casta a aimsiú idir ábhar na meán agus an tslí go dtéann sé i bhfeidhm ar an bpobal. Is féidir linn léargas luachmhar a fháil ar na hiarmhairtí cognaíochta, mothúchánacha agus iompraíochta ar dhaoine aonair, trí anailís a dhéanamh ar chonas a théann teachtaireachtaí meáin i bhfeidhm ar an bpobal, ar an gcaoi a ndéantar iad a léirmhíniú agus chonas gur féidir chiall a bhaint astu. Tá an tuiscint sin ríthábhachtach chun litearthacht sna meáin a chur chun cinn, rud a chuirfidh daoine ar a gcumas chun dul i ngleic leis an bhfaisnéis ar bhealach criticiúil.

Léirítear an choincheap d’éifeachtaí meáin, tríd an modh síceolaíoch spreagthaigh is freagartha a bhí coitianta sna 1930idí mar a bheadh sé mar snáthaid hipideirmeach ag tabhairt instealladh ar na meáin duit. Glactar leis sa mhúnla seo, go nglacann úsáideoirí meáin go neamhchriticiúil le cibé teachtaireachtaí a fheiceann siad nó a chloiseann siad sna meáin chumarsáide. Is cosúil go brúitear teachtaireachtaí sna meáin ar nós fógraíocht, scannáin, na meáin shóisialta srl. ar úsáideoirí meáin atá leochaileach. Tá an smaoineamh seo fós suntasach toisc go bhfuil go leor tagairtí do úsáideoirí meáin le heaspa eolas acu agus de bharr sin tá siad leochaileach.

Is cosúil go raibh tionchar diúltach ag scannáin Hollywood ar iompar agus ar luachanna óige Mheiriceá, mar a léiríodh i stáidéir shimplí le linn na 1930idí. Chuir Hollywood faoina choinne féin treoirlínte morálta a bhunú, iad buartha faoi rialáil rialtais fhéideartha, agus mar aon le sin, thacaigh siad go hiomlán le hiarrachtaí bolscaireachta stáit le linn an Dara Cogadh Domhanda. Léiríonn sé sin iarracht an tionscail Hollywood aghaidh a thabhairt ar ábhair imní shochaíocha agus ailíniú le tionscnaimh rialtais freisin. An é seo stádas na gcuideachtaí teicneolaíochta anois?

Tá úsáid na meán tar éis éirí níos inrochtana agus níos forleithne, le teacht chun cinn na n-ardáin dhigiteacha agus na ngléasanna digiteacha. Méadaíonn sin an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na meáin ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí. Mar shampla, is tionchaire ilmhilliúnach é Andrew Tate a scaipeann smaointe frithbhanda agus samhnasach do bhuachaillí óga trí na haipeanna Twitter agus YouTube. Tá cáil ar Andrew Tate mar ‘Rí na bhFearúlacht Nimhe’ mar gheall ar an t-ábhar a chuireann sé ar fáil. Tá amhras air freisin go raibh bhaint aige le héigniú agus gáinneáil ar ghnéas Is minic a théann a fhuathchaint i gcion ar go leor buachaillí óga, rud a spreagann imní i measc tuismitheoirí i dtaobh a bpáistí mar gheall ar an naimhdeas i leith na mban a d’fhéadfadh siad a nochtú sa todhcaí. Tar éis tuairisciú forleathan a dhéanamh, cuireadh cosc ar Andrew Tate ó gach ardáin meán sóisialta, mar thoradh gur sháraigh sé bheartais na n-ardán, leis an aidhm cosc a chur air aon tuairimí gránna agus fuatha a phostáil.

Ina theannta sin, cumasaíonn an teicneolaíocht fógraíochta spriocdhírithe, moltaí ó thaobh algartam agus ábhar pearsantaithe, rud a d’fhéadfadh tionchar breise a imirt ar ár smaointe agus ar ár n-iompraíochtaí. Tá sé an-tábhachtach dúinn a bheith ar an eolas maidir le na hathruithe seo agus dul i dtaithí orthu agus cinntí eolasacha a dhéanamh, ionas gur féidir linn a chinntiú go mbeidh tionchar dearfach inár sochaí i gcónaí.

Is iníon léinn BA sna Comhchéim Onóracha í Ashrah Khan sa chéad bhliain in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit ina ndearna sí staidéar ar litearthacht sna meáin i Scoil Na gCumarsáide.